2025

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Céadaoin, 12 Márta 2025,

Ionad F2 Rialtó, Baile Atha Cliath

Scoil Pháirc Sandford, Baile Átha Cliath,

Buaiteoirí 2025

Tháinig 25 fhoireann ó 22 scoil le chéile le dul in iomaíocht, agus is géariomaíocht a bhí ann san Ionad F2, Rialtó ar Chéadaoin, 12 Márta 2025. Ag tús an chéad bhabhta, bhí an chéad áit roinnte idir cheithre bhord, agus faoi dheireadh na mbabhtaí, bhí cúig cheist réitigh de dhíth leis an gcéad agus dara áit a shocrú.

 

Ó mhí Mheán Fómhair ar aghaidh, freastlaíonn Pádraigín Nic Ghearailt, an Comhordaitheoir Thráth na gCeist, amach chuig meánscoileanna agus gaelcholáistí timpeall na tíre leis na réamhbhabhtaithe a reáchtáil. I mbliana, d’éirigh le 76 duine óg bord a bhaint amach sa Chroabhchomórtas.

 

Ba cheart buíochas a ghabhadh le hAon Scéal Café, Tamhlacht, a chuir lón blasta ar fáil do na daoine óga. Is cinnte gur fáilte ceart é sin, le leor fuinnimh a thabhairt do na daoine óga tabhairt faoi na ceisteanna dúshlánacha, curtha orthu ag Róisín Nic Ghearailt, láithreoir an lae. 

 

Ag deireadh an lae, bhronn Bláthnaid ó Fhátharta, Oifigeach Cumarsáide agus Margaíochta le COGG, na duaiseanna ar na foirne buaite.

 

Sa tríú áit, is é Bord 7, Foireann Choláiste Eoin a bhain amach an tríú duaischiste de €240. Le trí phointe breise orthu, d’éirigh le Bord 8, Foireann Choláiste Thulach Mhór an dara duaischiste de €400 a bhaint amach. Sa deireadh, is Bord 18, Foireann Scoil Pháirc Sandford a thug an lá leo agus leis sin, an chéad duaischiste de €1,240. 

 

Tá ardmholadh ag dul do gach duine óg a ghlac páirt sa chomórtas i mbliana, agus comhghairdeas leis na foirne buaite! 

 

“Ní fhaca mé comórtas chomh géar sin le blianta,” arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas, théis an Chraobhchomórtais. 

 

“Ba dochreidte an rud é na daoine óga ar fad a fheiceáil agus an mhéid arb as do mheánscoileanna Béarla díobh,” arsa Oisín Ó Dubhshláine, oifigeach forbartha Feachtas. “Ba léir go bhfuil an-chumas ag an aos óg sa Ghaeilge. Tá siad le moladh!”

 

“Tá éacht déanta ag na daltaí ar fad inniu,” arsa Pádraigín Nic Ghearailt, “agus déanaim comhghairdeas ó chroí leis na foirne buaite! Ba mhaith liom buíochas a ghabhadh leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, chomh maith leis An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lábpháirtíochta, agus Óige, a chur maoiniú ar fáil don Chraobhchomórtas.”

Buaiteoirí Chéad Áite

Scoil Pháirc Sandford

Dorothea Henry, Nathan Whitley, Michael Gannon, Theo Molines Smyth

Buaiteoirí Dara Áite

Coláiste Thulach Mhór

Daniel Scally, Bláithín Clarke, Wyatt Winston, Aoife Colgan

Buaiteoirí Tríú Áite

Coláiste Eoin

Dominic Ó Súilleabháin, Traolach Ó Súilleabháin, Finian Mac an Rothaíoch, James Ó Ciannaigh


Réamhbhabhtaithe 2024/2025

Bhí géariomaíocht ann ar fud na tíre agus na meánscoileanna ag tabhairt faoi na réamhbhabhtaithe. Faoi iamh, faightear Clár na mBuaiteoirí:

1. Gaelcoláiste Phort Láirge

Céad Áit:

Gaelcholáiste Phort Láirge

Baill Foirne:

Cameron Chirce Ó Cadhla, Matthew Mac Roibeaird, Matthew Ó Maolómhair, Eoin Ó Coileáin

2. Gaelcholáiste Luimnigh

Céad Áit:

Gaelcholáiste Luimnigh

Baill Foirne:

Hollie O'Brien, F. McCarthy, Ríain O'Connor, Aleesha Killeen

3. Gaelcholáiste Chiarraí

Céad Áit:

Gaelcholáiste Chiarraí

Baill Foirne:

Tadhg Ó Lúing, Daithí Ó Buachalla, Domhnall Ó Maoldomhnaigh, Donnchadh Mac Uileagóid

Dara Áit:

Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Baill Foirne:

Rónán ó Conchúir, Ellie Moul, Tom Ó Neachtain, Damian Svoboda

4. Coláiste Ósraí

Céad Áit:

Meánscoil na mBráithre

Baill Foirne:

Charlie Mac Roibeaird, Conall Ó Scolaí, Seán Ó Haoláin, Mícheál Ó Rua

5. Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig

Céad Áit:

Coláiste Eureka

Baill Foirne:

Annie Callaghan, Emma Hunt, Clíona Durcan, Saoirse McManus

6. Coláiste Loreto, an Muileann gCearr

Céad Áit:

Coláiste Pobail Átha Luain

Baill Foirne:

Darragh Lee, Amber Dolan, Cian McEnroe, Naoise Kiveney

Dara Áit:

Coláiste Loreto

Baill Foirne:

Clodagh Nic Fhloinn, Rebecca Ní Mheiscill, Jennifer Nic Fhloinn, Emily Ní Mheiscill

7. Coláiste Eoin

Céad Áit:

Coláiste Eoin

Baill Foirne:

Dominic Ó Súilleabháin, Traolach Ó Súilleabháin, Finian Mac an Rothaíoch, James Ó Ciannaigh

Dara Áit:

Scoil Pháirc Sandford

Baill Foirne:

Dorothea Henry, Nathan Whitley, Ross McMahon, Théo Molines Smyth

8. Coláiste Thulach Mhór

Céad Áit:

Coláiste Thulach Mhór

Baill Foirne:

Daniel Scally, Bláithín Clarke, Wyatt Winston, Aoife Colgan,

Dara Áit:

Coláiste Thulach Mhór

Baill Foirne:

Eva McDowell Flynn, Fionnán Murray, Penny Bannon Kane, Emily Martin

9. Coláiste Ailigh

Céad Áit:

Coláiste Ailigh

Baill Foirne:

Pádraig Mac Giolla Choin, Euan Mac Loinsigh, Ailbhe Ní Dhomhnaill, Eleanor Ní Mheargaigh

Dara Áit:

Pobalscoil Chloch Cheann Fhaola

Baill Foirne:

Aoife Nic Laifeartaigh, Antóin Mac Gabhann, Éabha Nic Fhionnghaile, Aidan Mac Pháidín

10. Gaelcholáiste Charraig Uí Leighinn

Céad Áit:

Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Baill Foirne:

Gráinne Ní Chróinín, Ryan Ó Cionnaolaidh, Conor Mac Cártaigh, Darragh Ó Muirgheasa

Dara Áit:

Gaelcholáiste Mhuire AG

Baill Foirne:

Niamh Chiappa, Áine Ní hEathairn, Conchúr Ó Dálaigh, Fiadh Ní Dhoinnlé

11. Coláiste Naomh Mhuireadaigh

Céad Áit:

Coláiste Naomh Mhuireadaigh

Baill Foirne:

Jack Murray, Barry Walsh, Gavin Brennan, Cody Devaney Gallagher

Dara Áit:

Coláiste Ghearóid Naofa

Baill Foirne:

Feidhlim Ó Sé, Andrew Doherty, Nathan Keane, Fiachra Noworacki

12. Coláiste Mhuire

Céad Áit:

Coláiste Mhuire

Baill Foirne:

Muireann Ní Dhúlain, Gráinne Nic Suibhne, Ruadhrí de Fuite, Sam Mac Alcoc

13. Coláiste an Eachréidh

Céad Áit:

Coláiste an Eachréidh

Baill Foirne:

Cillian Ó Brádaigh, Dáithí Ó B, Matthew Broderick, Conall Ó Corcora

Dara Áit:

Coláiste an Eachréidh

Baill Foirne:

Aibhinn Nic Dhonaill, Holly Nic Liam, Molly Ní Bhriain, Rachel Ní Chonchúir

14. Gaelcholáiste an Chláir

Céad Áit:

Coláiste Fhlannáin Naofa

Baill Foirne:

Joe Linehan, Fergal Queally, Zuzanna Lacka, Alex Furey

Dara Áit:

Coláiste Fhlannáin Naofa

Baill Foirne:

Tom Fitzgerald, Sophia Ní Bhriain, Claire Sweeney, Emma Folan Garcia

13. Coláiste Chnoc an tSamhraidh

Céad Áit:

Coláiste Chnoc an tSamhraidh

Baill Foirne:

Cathal Munnelly, Conor Monaghan, Michael McDonnell, Aidan O'Loughlin

Dara Áit:

Coláiste na Trócaire Sligeach

Baill Foirne:

Ceola McGauran, Ceoladh McLoughlin, Klara Feeney, Clíodhna Donagher