2017

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Máirt, 28 Márta 2017,

Óstán Ashling, Baile Atha Cliath

Coláiste Phádraig, Leamhcán

Buaiteoirí 2017

Is iad na scoláirí Choláiste Pádraig Leamhcháin as Baile Átha Cliath buaiteoirí náisiúnta ar Chraobh Comórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Feachtas. Thug na scoláirí an svae leo ag ócáid mhór spórtúil in Óstan an Ashling, BÁC Dé Máirt, 28 Márta. Ach is don dara áit a bhí an dianchomórtas ann. D'éirigh le Pobalscoil Chorca Dhuibhne an dara áit a bhaint dóibh féin.

Le sé mhí anuas, ghlac 1,000 dalta ó 250 meánscoil agus gaelcholáistí ar fud na tíre páirt i gcraobhacha réigiúnacha an chomórtais. Bhí 25 scoil san iomaíocht sa bhabhta craobhe in Óstán an Ashling i mBaile Átha Cliath. Bronnadh duaischiste€1,000 inniu. Bronnadh €600 ar an fhoireann: Alex Mac Piarais, Ashmed Kalee, Mark Ó Dálaigh, agus Mícheál Ó Conghail ó Choláiste Pádaig Leamhchán agus €400 ar an fhoireann Mollie Ní Loibhéad, Eoghan Ó Muircheartaigh, Oisín Ó Dubhagáin, agus Luke Mac Diarmuid a tháinig sa dara háit.

Ag caint dí, tar éis an Tráth na gCeist, dúirt Bainisteoir Feachtas, Loretta Ní Churraighín: 

"Táimid iontach sásta leis an rath a bhí ar an chomórtas i mbliana. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc deagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge. Tá muid buíoch as an tacaíocht a fuair muid ó scoileanna i mbliana. Thaisteal scoileann aó Phórt Láirge, Chiarraí, Cill Dara, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh, agus Dún na nGall don chraobhchomórtas inniu. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna a rinne urraíocht ar an chomórtas."

Dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas:

"Tá comórtas Thráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d'obair na heagraíochta óo bunaíodh muid in 1980. Is í aidhm Feachtas deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáidí taithneamhacha, spraoiúla. Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí inniu agus leis an foirne uilig a bhí linn i mbliana."