Comóradh 45 Bliain Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge

Ba ghnóthach an tseachtain a bhí ag Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge i rith Seachtain na Gaeilge i mbliana. Idir Chomóradh agus Craobhchomórtas, bhí sos tuilte faoin am a shroich an óg-eagraíocht Lá Fhéile Phádraig. I dtús báire, eagraíodh Comóradh 45, le 45 bliana den eagras a cheiliúradh ar an Domhnach, 9 Márta 2025, in Ionad F2, Rialtó, Baile Átha Cliath. I ndiaidh sin, tugadh aghaidh ar Chraobhchomórtas Thráth na gCeist Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge, a cuireadh ar fáil ar Chéadaoin, 12 Márta 2025, san Ionad F2, Rialtó, BÁC. 

 

Ar an Domhnach, tháinig daoine óga agus na baill óga, chomh maith le ceannairí deonacha, tuistmitheoirí agus caomhnóirí, baill choiste na hóg-eagraíochta, baill foirne, iarbhaill, agus iar-cheannairí le chéile san Ionad F2. Is Gearóid Ó Mórdha a bhí mar fhear an tí ar an ócáid, agus chuir sé an slua ar a suaimhneas leis an gcéad abairt uaidh. 

 

Labhair Aoife Nic Lughadha faoi stair Feachtas agus ar an mbealach a d’fhorbair an óg-eagraíocht, ó champaí samhraidh agus cúrsaí ceannaireachta; go dtí ceathair chlub scaipeadh ó fud fad Bhaile Átha Cliath.

 

“Ní eagraíocht Gaeilge do dhaoine óga í Feachtas,” arsa Aoife, “is eagraíocht í, dírithe ar dhaoine óga, a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge.”

 

I ndiaidh sin, bhí cúpla cleas draíochta óga ag Cassio Silva, ball óg ó Chlub Tamhlachta. Chuir sé mearbhall ar an tslua araon lena chleasanna. Lean an comóradh le cúpla focal ó Finn Halpin (Club Bhaile Brigín) agus Saffron Kavanagh (Club Bhaile Munna), ar an méid a bhíonn idir lámha acu ag na clubanna óige.

 

Labhair Aoife Keely Burns agus Tara de Breit, ceannairí óige a d’fhorbair a gcuid scileanna ceannaireachta ar dtús mar bhaill óga de chuid Club Bhaile Brigín agus Club Tamhlachta. Roinn siad scéalta ar na deiseanna a thug an óg-eagraíocht dóibh agus ar an bhforbairt phearsanta a rinneadar mar chuid den eagraíocht. 

 

Ar deireadh, labhair Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas, ar thábhacht na tacaíochta don aos óg sa lá atá inniu ann. Mhol sí na baill óga as an obair ar fad a dhéanann siad ar thógraí éagsúla, agus chomh tiománta atá siad i leith na Gaeilge. Mar fhocal scóir, mhol sí na ceannairí deonacha go hard na spéire, as an tacaíocht a thugann siad do na daoine óga. Mar a dúirt sí féin, ní bheadh aon do na clubanna gan na ceannairí!

 

Chríochnaigh an ócáid le píosa damhsa, múinte ag baill óga Bhaile Brigín don tslua, chomh maith le píosa ceol ó bhaill óga Chlub Bhaile Lotrail. Agus ní féidir dearmad a dhéanamh ar na soláistí galánta!