Feachtas agus Athrú Aeráide

Is iomaí tógra a bhíonn idir lámha ag Feachtas bainteach le hAthrú Aeráide agus é a sheachaint. Oibríonn muid le grúpaí éagsúla chun an sprioc seo a bhaint amach.

TidyTowns

Le cúpla bliain anuas, tá Club Baile Brigín agus Club Tamhlachta théis a bheith i mbun ghlanadh páirce agus ghlanadh trá, le tacaíocht ó TidyTowns.


Podchraoladh Cheartas Aeráide 2024

I Mí Eanáir 2024, rinne Feachtas comhoibriú le Eco-UNESCO agus Young Irish Film Makers le podchraoladh a chruthú ar thionscnaimh Feachtas maidir leis an gceartas Aeráide. Bhí comhrá ann lenár mbaill óga.


Gala Eco-UNESCO 2023

Ar 2 Nollaig 2023, sheas beirt ó Chlub Bhaile Brigín le cur i láthair a dhéanamh ar na tógraí i gcoinne na géarchéime aeráide a bhí déanta ag Feachtas an bhliain sin. Ag an ócáid "Earth Gala" san RDS, tháinig Eco-UNESCO, No Name Club, agus Young Irish Film Makers le chéile le labhairt faoin obair ar fad atá déanta acu.


Gala Eco-UNESCO 2022

Ar 2 Nollaig 2022, rinne baill ó Chlub Bhaile Brigín cur i láthair in ócáid "Earth Gala" ag an RDS ag labhairt faoi thógra athrú aeráide a bhí idir lámha acu. Déanann Feachtas comhoibriú le Eco-UNESCO, No Name Club, agus Young Irish FIlm Makers chun tógraí athrú aeráide a bhaint amach. 


Comórtas Thógraí Cheartas Athrú Aeráide Feachtas 2022

Bronnadh na mBuaiteoirí

Bhí bronnadh ag Feachtas i gClub Feachtas, Baile Lotrail. D'fhill an tAire Ó Gormain arís orainn leis an buaiteoirí a bhronnadh.

 

Buaiteoirí

Céad Áit: Alanna Ní Bhraoin

Dara Áit: Naila Mac an Bhaird Abordán

Tríú Áit: Doireann Ní Shúilleabháin


Comórtas Thógraí Cheartas Athrú Aeráide Feachtas 2021

Fógairt na mBuaiteoirí

D'fhógair Feachtas buaiteoirí an Chomórtais agus léirigh siad an obair a bhí déanta acu.

 

Buaiteoirí Sinsearacha

Céad Áit: Tara de Breit

Dara Áit: Hannah Ní Bhaíolláin

Tríú Áit: Darragh Ó Baíolláin

 

Buaiteoir Sóisireach

Céad Áit: Alanna Ní Bhraoin

Bronnadh an mBuaiteoirí

Tháinig Feachtas le chéile leis na buaiteoirí a cheiliúradh i bPáird na Mílaoise, Baile Blainséir. D'fhreasatil an tAire ó Gormáin ar an ócáid le comóradh linn agus cúpla focal a roinnt linn.