Baill Feachtas

Ar mhaith leat bualadh le daoine óga eile agus craic iontach a bheith agat i gclub áitiúil?

AOISGHRÚPAÍ

Daoine óga ó Rang 6 - 2ú Bliain ar scoil.

 

CAD A DHÉANANN AN CLUB ÓIGE?

Tugann sé spás sábháilte sóisialta do dhaoine óga inar feidir leo:

  • Scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh
  • Cluichí agus spórt a imirt
  • Tabhairt faoi thionscadail
  • Scileanna nua a fhoghlaim
  • Dul ar thurais
  • & Go leor imeachtaí eile!

 

CAD A DHÉANFAIDH MISE SA CHLUB?

Is iad na daoine óga atá i gceannas! Déanann sibhse na cinntí faoi cad is mian libh a dhéanamh. Tá na ceannairí fásta ann mar threoraithe agus mar thacaíocht.

 

SUIM AGAT?

Tá fáilte romhat! Is féidir leat do chuid suuime a léiriú anseo! Is féidir an fhoirm cláraithe líonadh le do thuismitheoir/chúramóir.

Cad a deir ár mbaill?

"Bíonn muid ag spraoi sa chlub!"

Emily, 12

"Is maith liom a bheith ag dul ar turais"

Aran, 12

"Is maith liom an Club mar tá mo chairde anseo!"

Hannah, 12

Is breá liom é! Bíonn cluichí againn, bíonn cruinniú againn, téann muid ar turais agus bíonn muid ag caint le chéile"

Jessica, 12