2023

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Máirt, 21 Márta 2023,

Óstán Ashling, Baile Atha Cliath

Coláiste Oiriall, Muineachán

Buaiteoirí 2023

Is iad na daltaí ó Choláiste Oiriall, Muineacháin a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Feacthas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge i mbliana.

28 Gaelcholáiste a bhí in iomaíocht lena chéile i mbliana, agus géariomaíocht amach is amach a bhí i gceist in Óstán an Ashling, BÁC ar an Máirt, 21 Márta 2023.

Is iad na leaids ó Choláiste Eoin, Stigh Lorcáin a tháinig sa dara áit. 

Tháinig dhá scoil sa tríú háit: Gaelcholáiste Phort Láirge; agus Coláiste an Eachréidh, Contae na Gaillimhe.

29 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstán Ashling, BÁC inniu. Beagnach 116 déagóir a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu. 

Ghlac 150 meánscoil páirt sa chomórtas, le 800 duine óg ag glacadh páirte.

Bronnadh duaischiste €1,480 don chomórtas: €600 ar an fhoireann bhuacach Coláiste Oiriall, Muineacháin: Saorlaith Ní Chionna, Alannah Nic Giolla Bhéiní, Alan Mac Garfadh Mac Seoin, agus Aoibhinn Nic Cormaic.

Bronnadh €400 ar Choláiste Eoin, Stigh Lorcáin: Macdara Ó Raghallaigh, Eoghan Ó hAnluain-Fay, Conall Mac Aonghusa, agus Traolach Ó Súilleabháin.

Bronnadh €240 ar Ghaelcholáiste Phort Láirge: Ruán Ó Céilleachair, Micheál Ó Cuidithe, Maitiú Mac Roibeaird, agus Cameron Mac GIolla Chirce, chomh maith le Coláiste an Eachréidh, Contae na Gaillimhe: Briain Mac Thomáis, Conor Ó Loinsigh, Grace De Búrca, agus Semyon Ó Sionnaigh.