2018

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Máirt, 7 Márta 2018,

Óstán Ashling, Baile Atha Cliath

Coláiste Phádraig, Leamhcán

Buaiteoirí 2018

Ba iad scoláirí Choláiste Phádraig, Leamhchán a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Feachtas. Bhí géariomaíocht i measc an 28 scoil a ghlac páirt sa chomórtas in Óstán an Ashling, BÁC. Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co. na Mí a tháinig sa dara háit.

Le sé mhí anuas, ghlac 1,000 dalta ós cionn 150 meánscoil agus gaelcholáiste ar fud na tíre páirt i gcraobhacha réigiúnacha an chomórtais. Bhí 28 scoil san iomaíocht sa bhabhta craoibhe in Óstán Ashling i mBaile Átha Cliath. Bronnadh duaischiste €1,000: €600 ar an scoil buacach agus €400 ar an fhoireann Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig a tháinig sa dara háit.

Ag caint dí, tar éis an Tráth na gCeist, dúirt Bainisteoir Feachtas, Loretta Ní Churraighín:

"Táimid iontach sásta leis an rath a bhí ar an chomóórtas arís i mbliana. Is léiriú é ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge a labhairt agus muid i lár Seachtaine agus Bliain na Gaeilge 2018. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a thugann urraíocht dúinn, agus An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna a thug urraíocht don Chraobh.

Dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas:

"Tá comórtas Thráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d'obair na heagraíochta ó bunaíodh muid in 1980. Is é aidhm Feachtas deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáidí taitneamhacha, spraoiúla. Déanaim comhghairdeas leis na buaiteoirí inniu leis na foirne uilig a bhí linn i mbliana."