2020

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Máirt, 10 Márta 2020,

Óstán Ashling, Baile Atha Cliath

Meánscoil Eureka, Contae na Mí

Buaiteoirí 2020

Is iad na cailíní ó Mheánscoil Eureka, Ceanannas Mór, Co. na Mí a bhain Craobhchomórtas Náisiúnta Thráth na gCeist Feachtas Óg-Ghluaiseacht Gaeilge.

Bhí géariomaíocht i measc an 20 scoil a ghlac páirt sa chomórtas in Óstán an Ashling, BÁC ar an Máirt, 10 Márta 2020.

Is iad na leaids ó Mheánscoil Gharman, Inis Cóirthidh, Loch Gharman a tháinig sa dara áit.

Tháinig dhá scoil sa tríú háit, Meánscoil Phádraig, An Droichead Nua, Co Chill Dara, agus Coláiste Chroí Mhuire gan Smál, An Spidéal, Co na Gaillimhe.

Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle dalta meánscoile páirt i gcraobhacha áitiúla ó bhí Deireadh Fómhair ann.

20 scoil a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstán Ashling, BÁC inniu. Beagnach 110 déagi a bhí rannpháirteach i dTráth na gCeist an lae inniu.

Bronnadh duaischiste €1,480 don chomórtas: €600 ar an fhoireann bhuacach Meánscoil Eureka: Kathryn Byrne, Rebecca Williams, Amy Farrelly agus Louise Cullen.

Bronnadh €400 ar Mheánscoil Loch Gharman: Jamie MacGiolla Dé, Finn Ó Conchubhair, Eoin Ó Conchubhair, agus Jack Ó Cuirc.

Bronnadh €240 ar Choláiste Chroí Mhuire Gan Smál: Cillian Ó Laoi, James Mullarkey, Aifric Ní Ghibne, Oisín Ó Coisdealbha.

Agus an tríú háit eile, Meánscoil Phádraig: Daniel Joyce, Gavin Mitten, Cillian Fee, agus Blazejei Blazej.

"Beagnach 1,000 déagóir ó mheánscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a reachtáladh go hiomlán trí Ghaeilge.

"Táimid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo. Is léiriú ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí óga ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóras oideachais," arsa Loretta Ní Churraighín, bainisteoir Feachtas.

"Is é an aidhm ata ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga. Ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí lasmuigh de am scoile."

"Tá comórtas Thráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d'obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine óga sna meánscoileanna atá ag foghlaim Gaeilge, an teanga a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach. Bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agu sbíonn an-spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad.

"Tá muid ar bís inniu agus muid ag ceiliúradh 40 bhliain ar an bhfod," a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.