2019

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Máirt, 5 Márta 2019,

Óstán Ashling, Baile Atha Cliath

Scoil Naomh Seosaimh, Contae an Chláir

Buaiteoirí 2019

Is í Scoil Naomh Seosaimh, Coláiste rinn na Spáinneach, Co an Chláir buaiteoirí náisiúnta ar chraobh Comórtas Thráth na gCeist Feachtas 2019. Is Scoil Chlaiseacach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co na Mí a tháinig sa dhara áit.

Le sé mhí anuas, ghlac beagnach míle dalta meánscoile mar chuid d'fhoirne cearthar páirt i gcraobhacha réigiúnacha ó bhí Meán Fómhair ann.

30 foireann a bhí páirteach i mbabhta ceannais an chomórtais in Óstán Ashling, BÁC inniu. Beagnach 150 déagóir a bhí rannpháirteach i dTrath na gCeist an lae inniu.

Bronnadh duaischiste €1,000 don chomórtas. Bronnadh €600 ar an fhoireann bhuacach Scoil Naomh Seosaimh, Coláiste Rinn na Spáinneach agus €400 ar Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig, An Uaimh, Co na Mí.

"Beagnach 200 déagóir ó mheánscoileanna Béarla agus Gaelcholáistí na tíre a bhí páirteach i mbabhtaí an chomórtais i mbliana, a reachtálaíodh go hiomlán trí Ghaeilge. Tá muid iontach sásta leis an rath a bhí ar chomórtas na bliana seo agus is léiriúé fosta ar an éileamh atá ann dá leithéid i measc déagóirí ógaar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag teacht tríd an chóas oideachais," arsa Loretta Ní Churraighín, Bainisteoir Feachtas.

"Is é an aidhm ata ag Feachtas ná chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, agus ghlac gach foireann páirt sna réamhbhabhtaí de lasmuigh den am scoile."

"Tá comórtas Thráth na gCeist Feachtas mar chuid lárnach d'obair Feachtas ó bunaíodh é in 1980 agus é mar aidhm seans a thabhairt do dhaoine a úsáid taobh amuigh den seomra ranga, ag ócáid thaitneamhach agus bíonn duaiseanna iontacha do na buaiteoirí agus bíonn spraoi ag na hiomaitheoirí ar fad," a dúirt Pádraigín Nic Ghearailt, Cathaoirleach Feachtas.