Obair Dheonach Feachtas

AR MHAITH LEAT A BHEITH AG OBAIR LINN?

Is eagraíocht óige í Fecahtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta agus shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Is óg-eagras deonach muid, agus braitheann muid ar oibrithe iontacha deonacha chun ár gclár a chur ar fáil. Caithfidh gach oibrí deonach le Feachtas a bheith sásta dul faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Seachas do ról mar dhearthóir, caithfidh gach oibrí deonach a bheith thar 18. 

CEANNAIRE CHLUB ÓIGE

Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spóirt ar siúl ag na daoine óga. Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Is í an t-aoisghrúpa atá ann faoi láthair sna clubanna ná 10-18. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontu ó bheith neamhspleách agus ang déanamh rudaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!

Mar cheannaire óige, beidh tú freagrach as cabhrú leis an gclub óige a reáchtáil. Cuireann ceannairí áit shábháilte, shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Beidh páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtaíll an chlub ach beidh na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú. 

Is deis iontach é do cheannairí bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim. Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agu sbeidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar. Gheobhaidh tú traenáil sa gharchabhair agus sa chúram leanaí, maraon le traenáil eile. 

 

Faoi láthair, táimid ag lorg ceannairí sna clubanna seo a leanas:

  • Club Óige Feachtas, Baile Munna
    • Áit: Club Setanta CLG, Bóthar Bhaile Munna, Baile Munna, BÁC 9
    • Am: Dé hAoine: 18:30 - 20:00
  • Club Óige Feachtas, Tamhlacht
    • Áit: Scoil Santain, Bóthar na hAbhann Mór, Tamhlacht, BÁC 24
    • Am: Dé Luain
      • Seisiún 1: 18:00 - 19:00
      • Seisiún 2: 19:00 - 20:00
  • Club Óige Feachtas, Baile Brigín
    • Áit: Ionad Pobail Comhcheangailte, Sráid Bhaile Átha Cliath, Baile Brigín, Baile Átha Cliath
    • Am: Dé Céadaoin, 18:00 - 19:00
  • Club Óige Feachtas, Baile Lotrail
    • Áit: Ionad Pobail Bhaile Lotrail, Bóthar Bhaile an Phoirtéaraigh, Cluain Saileach, BÁC 15
    • Am: Déardaoin, 17:00 - 18:00

 

Taithí iontach d'aon duine ar mhaith leo dul isteach sa mhúinteoireacht/obair óige/earnáil na Gaeilge. Is féidir a bheith páirteach de chéim amháin den Tráth na gCeist nó de ghach rud.

Más spéis leat a bheith páirteach linn agus taithí iontach a fháil, téigh i dteagmháil linn ag:

 

loretta@feachtas.ie

087 904 6136