Ceannairí Feachtas

AR MHAITH LEAT A BHEITH I DO CHEANNAIRE ÓIGE?

Is deis iontach é seo bualadh le daoine nua agus scileanna nua a fhoghlaim! Gheobhaidh tú taithí den scoth ar an obair don aos óg agus beidh tú ag cur le féinmhuinín agus le forbairt phearsanta daoine óga i do cheantar.

 

CAD A DHÉANANN CEANNAIRÍ?

Bíonn na ceannairí freagrach as an gclub a reáchtáil. Cuireann siad áit shábháilte shóisialta ar fáil do na daoine óga inar féidir leo scíth a ligean agus spraoi a dhéanamh. Bíonn siad i láthair do na seisiúin sheachtainiúla a mhaireann uair go leath. Bíonn páirt lárnach ag na daoine óga féin i reáchtáil an chlub ach bíonn na ceannairí ann mar thacaíocht thábhachtach chun imeachtaí an chlub a éascú.

 

CONAS CUR ISTEACH AIR?

Líon isteach an fhoirm iarratais agus foirm ghrinniosrúchán an Gharda Síochána trí chliceáil ar na nasc-chnapaí ar barr, agus téigh i dteagmháil linn!

 

CÉN FÁTH AR MHAITH LEAT A BHEITH I DO CHEANNAIRE ÓIGE?

Is iomaí cúise atá ann le bheith i do cheannaire óige.

Le Feachtas, d'fhéadfadh leat...

  • Rud a thabhairt ar ais don phobal
  • Tacú le forbairt na hóige
  • Freastal ar dhaoine óga áitiúla
  • Féinfhorbairt phearsanta a dhéanamh
  • Bualadh le daoine nua

 

CÉN SCILEANNA AR FÉIDIR LIOM LEAS A BHAINT ASTU LE CUR LE FEACHTAS?

Bíonn an-chuid idir lámha ag Feachtas agus bíonn daoine le gach saghas scil de dhíth orainn.

Más spéis agat a bheith i do cheannaire óige, is iad seo na saghas scileanna ar mhian le Feachtas a fheiceáil.

  • Éascú grúpa
  • Ealaín
  • Cóitseáil spóirt
  • Scileanna coiste
  • Múinteoireacht
  • Eagrú imeachtaí áitiúla
  • Riarachán
  • Lónadóireacht
  • Gnó
  • Scileanna ríomhaireachta
  • Drámaíocht
  • Traenáil
  • Garchabhair

Céard a deir ár gceannairí?

"Fuair mé taithí iontach a bheith ag obair le daoine óga, agus conas grúpa a eagrú. Bhí deis agam gach seachtain mo chuid Gaeilge a úsáid agus forbairt a chur uirthi i ndea-shuíomh. Tá sé go hiontach áit shábháilte agus struchtúrtha a chur ar féil do dhaoine óga ón gceantar, inar féidir leo a gcuid Gaeilge a úsáid go minic."

Áine, Club Óige Tamhlahcta

"An rud is fearr liom faoi ná gur club do dhéagóirí é go bhfuil sé ag feidhmiú trí Ghaeilge, rud ata eisceachtúil!"

Pól, Club Óige Tamhlachta

"Is limistéar neamhchoitianta teanga é an club, ar an ábhar nach bhfuil nósmhaireacht ná rialacha teanga gránta i gcloch, tig linn seilbh ar bhainitíocht theanga an chlub a chur i lámha na mball agus bíonn cúsaí á reachtáil ón bhun aníos."

Maitiú, Club Óige Tamhlachta