Feachtas agus Gaisce

Gradam Uachtarán na hÉireann

Mar chuid de Ghaisce, ní mór do dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh chomh maith le scileanna nua a fhoghlaim. Tugann Feachtas lámh chúnta dóibh le seo a bhaint amach.

Bronnadh Gradam Ghaisce

Bronnadh Ghradam Ghaisce ar triúr dhuine óga ó Thamhlacht, a fhreastalaíonn ar Chlub Óige Feachtas Tamhlacht ar 22 Deireadh Fómhair 2021 leis an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh.

Bhí údar mórtais is gliondair ag Feachtas nuair a fuair an triúr inspioráideach seo ó Thamhlacht a ngradaim Gaisce: Tara de Breit, Daniella Ní Mhathúna agus Póilín Tawyodh, a fhreastalaíonn ar Chlub Óige Feachtas Tamhlachta, bronnta ag Aengus Ó Snodaigh TD.