Club Feachtas a Bhunú

"An rud is fearr liom faoi ná gur

club do  dhéagóirí é

agus go bhfuil sé ag feidhmiú

trí Ghaeilge, rud atá

eisceachtúil!"

- Pól, Club Óige Tamhlachta

Is eagraíocht óige í Feachtas a fhéachann le spásanna sóisialta a chur ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge. Déanann muid an Ghaeilge a chur chun cinn i measc daoine óga agus tacaíonn muid lena bhforbairt phearsanta a shóisialta trí chlár fiúntach, taitneamhach agus dúshlánach a chur ar fáil dóibh. Foghlaim níos mó faoi scéal Feachtas anseo!

 

Clubanna Óige

Buaileann ár gclubanna uair sa tseachtain agus bíonn cruinnithe, gníomhartha, turais, cluichí agus spóirt ar siúl ag na daoine óga. Is deis iontach é dóibh bualadh le chéile in áit shábháilte agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge. Tugann an club seans do dhaoine óga foghlaim agus scileanna a fhorbairt trí thaithí phraiticiúil agus bíonn ardú meanman iontú ó bheith neamhspleách agus ag déanamh rudaí dóibh féin. Tríd an gclub, faigheann siad an deis triail a bhaint as gníomhartha agus eispéiris nua!

Seirbhísí tacaíochta Feachtas

Oibríonn Feachtas go dlúth leis na daoine áitiúla sa cheantar, ag cabhrú leo taithí den chéad scoth a thabhairt dá ndaoine óga. Féachann muid le cur chun cinn na gclubanna a éascú trí na seirbhísí seo a leanas do ghach club atá cláraithe linn.

 

Ag bunú clubanna

  • Earcaíocht na gceannairí óige
  • Promhadh na gceannairí agus grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
  • Poiblíocht agus earcaíocht na ndaoine óga
  • Traenáil do na deannairí óige (cúram leanaí, dea-chleachtas, garchabhair, srl)
  • Léas ar ionas a shocrú
  • Clárú leis an mBord Oideachais agus Oiliúna áitiúil
  • Cuntas bhanc an chlub a oscailt
  • Deontas tosaigh do threalamh

 

Ag reáchtáil clubanna

  • Speansais do reáchtáil an chlub
  • Árachas don chlub
  • Polasaithe Feachtas ar chúram leanaí, srl.
  • Poiblíocht rialta faoin gclub agus faoin gceantar ar na meáin
  • Cíos don ionad
  • Rochtain ar ábhar don ealaín agus ceardaíocht trí bhallraíocht le Recreate.
  • Tacaíocht a thabhairt le hiarratais ar dheontais
  • Traenáil leanúnach do na ceannairí óige
  • Turais agus imeachtaí móra eagraithe i gcomhar le clubanna Gaeilge eile. 

 

Bí páirteach linn!

Má tá spéis agat club a bhunú, seol ríomhphost againn ag eolas@feachtas.ie