Clubanna Óige Feachtas

Club Óige Feachtas, Tamhlacht

Bíonn dhá sheisiún ar siúl sa chlub seo. 

Seisiún 1: 18:00-19:00

Seisiún 2: 19:00-20:00

Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl ag na Clubanna Óige, ag braith ar an oíche, idir ealaín, spóirt, agus cluichí trí Ghaeilge. Is deis iontach é bualadh le daoine óga eile a bhfuil Gaeilge acu agus cairde nua a dhéanamh!

Cuireann muid imeachtaí ar siúl do Sheachtain na Gaeilge. Chomh maith le sin eagraíonn Feachtas imeachtaí bliantúla ar nós dioscó, Scléip na hÓige, deireadh seachtaine as baile, srl.

Tá fáilte roimh daoine óga ó 10-18. Má tá spéis agat nó ag do pháiste a bheith páirteach sa chlub, seol ríomhphost ag  eolas@feachtas.ie

Club Óige Feachtas, Baile Munna

Bíonn an club seo ar siúl i gClub Setanta CLG, Baile Munna gach Aoine ó 18:30-20:00

Aidhmeanna an Chlub

Tá sé mar aidhm againn áit shábháilte bhuan a chur ar fáil do Ghaeil óga ina gceantar áitiúil féin.

Cuireann muid spásanna sóisialta ar fáil inar féidir le daoine óga meascadh le chéile agus cairdeas a dhéanamh trí Ghaeilge.

Leagann muid an-bhéim ar an bhféinriar agus ar fhéiniúlacht na ndaoine óga. Is iad na daoine óga a dhéanann na cinntí agus a ritheann an club! Feidhmíonn an club le stiúradh ó choiste na mball óg agus bíonn na ceannairí fásta ann le himeachtaí an chlub a éascú.

Más mian leat a bheith i do cheanna óige le Feachtas, seol ríomhphost ag eolas@feachtas.ie

Club Óige Feachtas, Baile Brigín

Bíonn an club seo ar siúl in Ionad Pobail Comhcheangailte, Sráid Bhaile Átha Cliath, Baile Brigín gach Céadaoin ó 19:00-20:00

Ar mhaith leat club a thosú?

An bhfuil spéis agat club óige a thosú i do cheantar féin?

Is féidir le Feachtas tacaíocht a thabhairt duit agus an próiseas a éascú! Cabhraíonn muid le:

  • Poiblíocht

  • Earcaíocht

  • Dea-chleachtas

  • Árachas

  • Traenáil

  • Bunú an chlub

  • & Go Leor Eile!

Club Óige Feachtas, Baile Lotrail

Bíonn an club seo ar siúl in Ionad Pobail Baile Lotrail, Bóthar Bhaile an Phoirtéaraigh, Gort Anna gach Déardaoin 17:00-18:00