Campa Samhraidh Feachtas

Tá Campa Samhraidh Feachtas 2024 críochnaithe. Is féidir cur isteach ar Champa Samhraidh Feachtas 2025 an Bhealtaine seo chugainn.

Sonraí an Champa

Eagraítear an campa ó Luan go hAoine don tseachtain cuí, ó 10:00-14:30. Bíonn Campa Shamhradh Tamhlachta ar siúl sa dara seachtain i Mí Iúil.

Aois-grúpa an Champa: 8-15

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi champaí Samhaidh Feachtas, déan teagmháil le oisin@feachtas.ie nó 087 770 9796.

 

Éiríonn go hiontach leis na campaí ar fad agus baineann na páistí uilig an-spraoi astu. Bíonn deis ag na páistí an méid Gaeilge atá acu a úsáid i suíomh spraoiúil, taitneamhach. Bíonn seó tallaine, lá spórt, damhsa, turas lae, aoi speisialta le ceardlann a reáchtáil, agus tuilleadh eile!

Déanann na campaí forbairt ar fhéinmhuinín an duine óig agus ar úsáid na teanga - cothaíonn siad scileanna pearsanta, sóisialta agus cruthaithe, chomh maith le scileanna gaolta, agus tuiscint ginearálta ar an tsochaí agus ar an bpobal, tríd rannpháirtíocht i dtimpeallacht spraoiúil, shábháilte. Táimid fíorbhródúil go bhfaigheann muid aiseolas den scoth ó na daoine óga a thagann chuig na campaí - agus a dtuismitheoirí! - agus táimid tiomanta ar feabhas a chur ar na campaí bliain ar bhliain.

 

Táimid an-bhuíoch d'Fhoras na Gaeilge agus don Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánphairtíochta, agus Óige as ucht maoiniú a chur ar fáil do na campaí.


Campa Shamhradh Tamhlachta 2024

Ó 8-12 Iúil, chuir Feachtas Campa Samhraidh 2024 ar siúl i Scoil Santain le haghaidh daoine óga idir aois 8-15. Bhí an-chuid ealaíne agus spórt ann i rith na seachtaine, chomh maith le dúshláin fhoirne, ina mbíodh na daoine óga ag obair le chéile le réiteach. I rith na seachaine seo, d'fhreastal na daoine óga ar thuras lae chuig Ionad Eachtraíochta na hUaimhe, áit a cuireadh na gníomhaíochtaí ar fad ar fáil as Gaeilge! Ag deireadh na seachtaine, cuireadh críoch leis an spraoi le Seó Tallaine den chéad scoth.


Campa Shamradh Tamhlachta 2023

Chuir Feachtas Campa Samhraidh ar fáil le tacaíocht ó Foras na Gaeilge, i Scoil Santain ó 10-14 Mí Iúil 2023. I rith na seachtaine seo, bhí ceardlann drámaíochta; siúlóid chun na habhainne agus bailúchán clocha; an-chuid spórt agus ealaíne; cluiche seachain; go leor cluichí; troid uisce; turas chuig Páirc na SMaragaide; agus Seó Tallainne.