2024

Craobhchomórtas Tráth na gCeist Feachtas,

Dé Máirt, 5 Márta 2024,

Ionad F2 Rialtó, Baile Atha Cliath

Coláiste Eoin, Baile Atha Cliath,

Buaiteoirí 2024

Lá taitneamhach, rathúil a bhí ann ag Craobh Chomórtais Tráth na gCeist Feachtas 2024... do na buaiteoirí!! Bhí géariomaíocht ann idir an 16 meánscoil a ghlac páirt sa Chraobh Chomórtais in Ionad F2, Rialtó, Baile Átha Cliath ar an Máirt, 5 Márta 2024. Tháinig trí fhoireann slán, ag baint amach an chead, dara, agus tríú áit. Bhí an-rath ar Choláiste Eoin, ar ghlac leo an chéad áit chomh maith leis an tríú áit.

Cuireadh tús leis na réamhbhabhtaithe i Mí Mheán Fómhair 2023 agus d'fhreastail foireann Feachtas ar mheánscoileanna agus ar ghaelcholáistí ar fud fad na tíre. D'éirigh le 19 bhfoireann an chraobh a shroichint.

Ar an Máirt, bhí an chomórtas faoi lán seoil ag Fear an Tí gealgháireach, carasmatach, Jamie Ó Flannúra. Is iomaí ceist chasta, rúndiamhair a chuir sé roimh na n-iomaitheoirí, ach d'éirigh thar cionn leo i gcoinne na ndúshlán seo.

Bronnadh duaischiste €1,240 ar bhuaiteoirí an lae. Bhí €600 ag dul don chéad áit agus is iad na daltaí Coláiste Eoin a ndeachaigh abhaile leis an duais seo: Eoghan Ó hAnluain-Fay, Finn Ó Donaile, Traolach Ó Súilleabháin, Senan Ó Caithniadh.

D'éirigh thar cionn leis an buaiteoirí dara háite a bhain amach duais de €400 ó Choláiste Naomh Mhuireadaigh: Niall Ó Murchú, Eoghan Ó Duarcáin, Gaibhin Ó Braonáin, Jeaic Ó Muirí.

Bhí an-ádh ar Choláiste Eoin nuair a bhain a dara fhoirean €240 amach don duais tríú háite: Dónal Mac Artáin, Doiminic Ó Súilleabháin, Finian Mac Rothaích, Cillian Ó Donnchú.

"Is dochreidte an rud é le bheith in ann daoine óga a thabhairt le chéile le dul in iomaíocht i gcomórtas lán-Ghaeilge. Fiú an mhéid foirne a bhí ann nár tháinig ó Ghaelcholáistí. Is cúis dóchais í go bhfuil an Ghaeilge ag neartú i measc na n-óg," a deir Oisín Ó Dubhshláine, oifigeach forbartha le Feachtas.

"Bíonn an t-ardchaighdeán ann sa Chraobh agus bhí le feiceáil sa taighde agus obair ullmhúcháin a rinne na daltaí uilig," asrsa Loretta Ní Churraighín, Bainisteoir Feachtas. "Bíonn sé iontach an Ghaeilge a cluisint go flúirseach."

"Déanaim comhghairdeas ó chroí leis na buaiteoirí agus na daltaí go léir a ghlac páirt i gCraobh Chomórtaais Feachtas inniu," arsa Pádraigín Nic Ghearailt, comhordaitheoir Thráth na gCeist Feachtas. "Tá éacht bainte amach acu."


Réamhbhabhtaithe 2023/2024

Bhí géariomaíocht ann ar fud na tíre agus na meánscoileanna ag tabhairt faoi na réamhbhabhtaithe. Faoi iamh, faightear Clár na mBuaiteoirí:

1. CBS an Muileann gCearr

Céad Áit:

CBS an Muileann gCearr

Baill Foirne:

Ruairí Kelly, Daniel Flynn, Killian McGrath, Toby Murtagh

Dara Áit:

Coláiste Pobail Átha Luain

Baill Foirne:

Leah Maguire, James Duffy, Aditya Varma Bhyrraju, Éabha Wheatley

2. Gaelcholáiste Phort Láirge

Céad Áit:

Gaelcholáiste Phort Láirge

Baill Foirne:

Cameron Mac Giolla Chirce Ó Cadhla, Matthew Mac Roibeaird, Seán Mac Gibne, Muireann Ní Dhuíghiolla

3. Coláiste Mhuire

Céad Áit:

Scoil Pháirc Sandford

Baill Foirne:

Sam McCarthy, Aengus Ó Ceallaigh, Doire Sheridan, Sanjay Menon

4. Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Céad Áit:

Gaelcholáiste Choilm

Baill Foirne:

Éanna Ó hÚrnaí, Colm Ó Dubhaill, Daragh MacInglis, Darragh Ó Gormáin

Dara Áit:

Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin

Baill Foirne:

Ciarán Ó Dubhgáin, Alex Neff, Killian Mac Suibhne, Lucy Ní Eathairn

5. Coláiste Pobail Osraí

Céad Áit:

Coláiste Pobail Osraí

Baill Foirne:

Tomás Ó hOldain, Iain Ó Coimín, Ruaidhrí Ó Deá, Faye Ní Laoghaire

6. Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig

Céad Áit:

Scoil Chlasaiceach Naomh Phádraig

Baill Foirne:

Ruairí Mac Cormaic, Séamus Ó Conaill, Dara Ó Críonáin, Oscar Leufer - Ó Gaibheacháin

7. Coláiste Chroí Mhuire

Céad Áit:

Scoil Chuimsitheach Chiaráin

Baill Foirne:

Eimear Nic Dhonnchadha, Molly Smith, Rian Ó Flanagáin, Micil Mac Donncha

8. Gaelcholáiste Chiarraí

Céad Áit:

Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Baill Foirne:

Oscar Ó Donnagáin, Eibhlín Ní Dhuibhginn, Lucy Ní Chathail, Saoirse Beth Cluamháin Ní Shlattara

Dara Áit:

Pobalscoil Chorca Dhuibhne

Baill Foirne:

Diarmuid Ó Ciardhubháin, Seán Ó Fiannachta, Cuan Ó Fiannachta, Cormac Ó Dubháin

9. Coláiste Tulach Mhór

Céad Áit:

Coláiste Tulach Mhór

Baill Foirne:

Amy Noonan, Eloise Judge, Blaithín Clarke, Wyatt Winston

Dara Áit:

Coláiste Tulach Mhór

Baill Foirne:

Amelie O'Connor, Laura Greenan, Felix Visann, Conor Clarke

10. Coláiste an Eachréidh

Céad Áit:

Coláiste an Eachréidh

Baill Foirne:

Conall Ó Corcóra, Semyon Ó Sionnaigh, Conor Ó Loinsigh, Shane Talty

11. Coláiste Naomh Mhuireadaigh

Céad Áit:

Coláiste Naomh Mhuireadaigh

Baill Foirne:

Niall Ó Murchú, Eoghan Ó Duarcáin, Gaibhin Ó Braonáin, Jeaic Ó Muirí

12. Coláiste Naomh Columba

Céad Áit:

Coláiste Eoin

Baill Foirne:

Eoghan Ó hAnluain-Fay, Finn Ó Donaile, Traolach Ó Súilleabháin, Senan Ó Caithniadh

Dara Áit:

Coláiste Eoin

Baill Foirne:

Dónal Mac Artáin, Dominic Ó Súilleabháin, Finian Mac Rothaích, Cillian Ó Donnchú

13. Meánscoil Naomh Mhuire

Céad Áit:

Coláiste Oiriall

Baill Foirne:

Aoibhín Nic Cormaic, Alannah Nic Giolla Bhéiní, Saorlaith Nic Cionna, Daithí Mac Cormaic

14. Gaelcholáiste an Chláir

Céad Áit:

Gaelcholáiste an Chláir

Baill Foirne:

Adam Gomez, Dylan Ó Riain, Fiachra Dobson, Kyle Ó Murchú