Tuismitheoirí agus Caomhnóirí Nua

MAR EOLAS

Déantar promhadh agus grinnfhiosrúchán ar ghach oibrí deonach atá ag obair linn. Tá an club clúdaithe ag polasaithe agus ag árachas Feachtas.

 

CONAS FREASTAL?

Má theastaíonn uait eolas a fháil faoi Chlub Óige Feachtas, téigh i dteagmháil linn! Líon isteach an fhoirm ceadaithe anseo chun do dhuine og a chlárú linn!

 

CÉARD A BHÍONN AR SIÚL?

Bíonn imeachtaí éagsúla ar siúl ann ag brath ar an oíche idid ealaín, spóirt, agus cluichí trí Ghaeilge. Téann na daoine óga ar turais ó am go chéile. Tugann Feachtas deis do bhaill a bheith páirteach i Scléip na hÓige freisin agus casadh le Gaeil óga eile. 


Cad a deir ár mbaill?

"Bíonn muid ag spraoi sa chlub!"

Emily, 12

"Is maith liom a bheith ag dul ar turais!"

Aran, 12

"Is maith liom an Club mar tá mo chairde anseo!"

Hannah, 12

"Is breá liom é! Bíonn cluichí againn, bíonn cruinniú againn, téann muid ar turais agus bíonn muid ag caint le chéile!"

Jessica, 12